Thursday, 17th May 2012

Léachtaí Gaeilge

Posted on 04. Jun, 2010 by in Léachtaí Gaeilge

Liturgical Readings for:   Thursday, 17th May, 2012

Liturgical notes:
None

Next Sunday's Readings
Readings in English


AN CHÉAD LÉACHT:          Gníomhartha na nAspal 18:1-8

D’fhág Pol an Aithin agus d’imigh go Corant. Casadh ansiúd air Giúdach darbh ainm Acula, fear a rugadh i bPontas agus a bhí tagtha le gairid ón Iodáil, é féin agus a bhean Priscille, de bharr an ordú a bhí curtha amach ag Clauidias na Giúdaigh go léir a imeacht ón Róimh. Chuaigh Pól ar cuairt chucu agus toisc é bheith ar aon cheard leo – déantóirí bothanna ba ea iad – d’fhan sé leo ag obair ar a cheird. Bhíodh sé ag díospóireacht sa tsionagóg gach lá sabóide ag iarraidh dul i bhfeidhm ar na Giúdaigh agus ar na Gréagaigh.


Nuair a tháinig Síleas agus Tiomóid anuas ón Macadóin chaith Pól a dhúthracht ar fad leis an tseanmóireacht, á chruthú do na Giúdaigh gurb é Íosa an Críost. Agus nuair a thosaigh siadsan á bhréagnú agus á cháineadh, chroith sé an deannach dá éadaí, á rá leo: “Bíodh bhur gcuid fola ar bhur gceann féin. Ní bheidh mise freagarthach inti. As seo amach tabharfaidh mé aghaidh ar na págánaigh.” D’fhág sé ann iad agus chuaigh isteach i dteach duine darbh ainm Síomón Iústas, fear diaganta a raibh a theach taobh leis an tsionagóg. Chreid Criospas, uachtarán na sionagóige, sa Tiarna, áfach, é féin agus a theaghlach go léir. Agus mórán de na Corantaigh a bhíodh ag éisteacht le Pól, chreid siad agus baisteadh iad.

 

Salm le freagra                  Sm 97
Freagra :                              D’fhoilsigh an Tiarna a shlánú do na náisiúin.
Malairt le freagra              Alleluia!

1. Canaigí amhrán úr don Tiarna,
    óir rinne sé éachtaí.
    Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa,
    rug sé bua dó féin.                                          Freagra 


2. D’fhoilsigh an Tiarna a shlánú;
    nocht sé a fhíréantacht do na náisiúin.
    Chuimhnigh sé ar a bhuanghrá agus a dhílse
    do theaghlach Iosrael.                                   Freagra 


3. Chonaic críocha uile na cruinne
    slánú ár nDé.
     Gairdigí sa Tiarna a thíortha uile,
    agus nochtaigí bhur n-áthas dó.                  Freagra 

 AN SOISCÉAL:                 Eoin 16:16-20

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail

 

“Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé níos mó,
agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm,
mar táim ag triall ar an Athair.”

Ansin dúirt cuid dá dheisceabail le chéile: “Cad é seo a deir sé linn: ‘Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile, agus beidh radharc agaibh orm’; agus ‘mar táim ag triall ar an Athair’?” Dá bhrí sin dúirt siad: “Cad é an ‘tamall beag’ é seo a deir sé? Níl a fhios againn cad is ciall lena chomhrá.” Bhí a fhios ag Íosa gur mhian leo é a cheistiú agus dúirt sé leo:

“Tá sibh ag fiafraí dá chéile
cad is ciall leis an rud a dúirt mé:
‘Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé,  
agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm.’
Amen, Amen, a deirim libh,
beidh sibhse ag gol agus ag caoineadh,
ach beidh an saol ag déanamh áthais.
Beidh sibhse buartha,
ach iompófar bhur mbuairt chun áthais.


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart